Oró, sé do Bheatha Abhaile

(Chorus)-
Oró, sé do bheatha abhaile, 
Oró, sé do bheatha abhaile, 
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar, 
do ba é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach, 
is tú díolta leis na Gallaibh.

(Chorus):-

Tá Gráinne Mhaol ag teacht thar sáile, 
óglaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh, 
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

(Chorus):-

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceann, 
mura mbim beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch, 
ag fógairt féin ar Ghallaibh.

(Chorus):-